Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trá (Ventry)
- XML Leathanach 031
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine CáileamhlaFir láidre: Do bhí fear láidir na chomhnaidhe in Cillaruith. Sé an ainm a bhí air ná Dómhnall Ó Séaghdha agus aon uair a theasteóchadh uaidh an bord a chuir anáirde ar an lochtadh, d'ardeóchadh sé anáirde é len a fhiacla. Do bhí fear láidir na chomhnaidhe i bFáthan darb ainm do Seán Ó Máirtín. Lá amháin do bhí sé ag aodhaireacht bó ar bharra na faille ar eagla go dtuitfidís le faill agus go marbheochfaí iad. Do cuireadh (?) chonnaic sé bó acu ag sleamhnúghadh agus rith se roimpi agus do choinnibh sé anáirde le na dhrom agus d'árduigh sé suas í.Fir reatha: Do bhí dream daoine dárb ainm dóibh na Rísigh na gcomhnaidhe in RáthChonáin fadó. Do bhí duine acu chomh maith san chun reatha go gcoimeádfadh sé suas leis an bhfiadh sa rith agus go mbíodh sé ag gabháil de(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Ciobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Liaigh, Co. Chiarraí