27/08/2018 Rogha na Seachtaine  (Féach tuilleadh »)

Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
D. Ó Cúrnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cluiche Peile agus Iomána

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0422, Leathanach 059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Cluiche Peile agus Iomána.
Timcheall trí fichid bliain ó shoin do bhíodh cluiche peile idir dhá pharóiste nó dhá bhaile nó uaireanta do bhíodh cluiche idir dhá thaobh de'n pharóiste.
Sa pharóiste seo do thosnuíghidís taréis Aifrinn in áit éigin de'n pharóiste agus chuiridís ortha na sean éadaíghe a bhíodh ortha gach lá. Do bhídís ag dul leis an liathróid tríd an pharóiste agus fir , mná, agus leanbhaí 'á leanamhaint trí portacha, gleannta, agus páirceanna. Dá dtuiteadh aoinne ní dhéanfaidís ach é fhágailt ansan. Dá dtuiteadh aoinne san uisge ní dhéanfaidís ach an t-uisge a chaitheamh air. Deirtear gur fear ó Lios-Póil a thóg an liathróid uair ó Pharóiste FionnTrágha agus níor buaileadh sa pharóiste seo é go dtí maidin laé Nodhlaig 'na dhiaidh san aríst .
Do deineadh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Muiris Ó Ciobháin
Inscne
fireann
Seoladh
Baile an Liaigh, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge