Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trá (Ventry)
- XML Leathanach 009
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rinnce agus ceól thoir i Mám na Gaoithe uair. Chuaidh beirt sean-duine o'n mbaile seo ann. Muiris Ó Cíobáín do beadh duine acu agus Seán Ó Coill a beadh an duine eile. Do chualaidh Muiris Ó Cíobháin trácht ar ór éigin a bhí i bhfolach sa Chaisleán agus chuaidh sé féin agus Séán Ó Coill isteach ann. Chómh luath agus a chuadar isteach ann do thosuigheadar ag raobadh is ag cuardach agus sa deire do tharraig Muiris Ó Cíobháin amach mála mór óir.
Do bhí Seán Ó Coill ag féachaint an bhfaigheadh sé féin aon cuid de'n ór ach ní bhfuair. Dubhairt Seán Ó Coill go raibh tuirt dhá chloch mine sa mhála go raibh an t-ór ann. Do thainig bean abhaile ó America darab ainm di Máire Ní Dhaodha agus thug sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Cíobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Liaigh, Co. Chiarraí