School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 546

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 546

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 546
  3. XML “Scéal - An Gadaí Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    goid. "Dubhairt m'athair leat is é ag fagháilt bháis" ars an buachaill "aon chéard a mhaith liom a thabhairt dhom". "Ní dubhairt" ar sí sin. "Ní fearra dhuit rud a dhéanfá" ar sé "ná dul go dtí 'n uaigh agus fiafraighe dho cad é 'n cheárd a thabharfair dham" Seadh nuair thuit an oidhche chuaidh an t-seanbhean 'on uaig go raibh a mac féin curtha. Ach má chuaidh bhí mo bhuachaill imthighthe 'on comhgar roimpe. "Cad é 'n cheárd a thabharfaidh mé do d'mhac"? ar sí sin leis an duine marbh labhair an garsún "Bitheamhantaidheacht" arsa mo bhuachaill. Ghluais an t-sean-bhean abhaile ach má ghluais bhí sé siúd sa bhaile roimpe. "Cad dubhairt sé leat?" ar sé. "Ní dubhairt sé faic a ghradh ghil" ar sise. "Caithfir dul istoidhche amáireach arís feach cad dearfaidh sé leat" arsa sé. D'imthig sí is t-oidhche amáireach agus bhí mo chladhaire roimpe. Chuir sí an cheist agus b'é 'n freagra céadna fuair sí. Ghluais sí abhaile agus bhí an garsún sa bhaile roimpe. "Cad dubhairt sé leat?" ar sé. "An cheárd bhí uait tá sí agat" ar sí "an bitheamantaidheacht". Bhí sé 'na teannta sa bhaile annsan ar feadh seachtmhaine ach má bhí ní fada uaidh a bhí comhnuidhe ar an gadaidhe dubh. I ndeire na seachtmhaine dubhairt sé le n-a máthair go raghadh sé le céird go dtí 'n gaduidhe dubh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlin Ni Ghearailt
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Chiarraí
    Informant
    Tomás Mhártain
    Gender
    Male
    Address
    Márthain, Co. Chiarraí