Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sar a bhfhaghfá tabhairt fé'n ubhal. Bhíodh tubán uisce thíos fé agus thuitfeá síos ann go minic, mar bheadh mearbhthall id' cheann taréis cúrsa na cistean a thabhairt.
An uair sin theigheadh na daoine ag bothántaidheacht. Oídhche Shamhna nuair a théightaí ag bothántaidheacht bhí sé do nós ag na tighthe buillín nó dhó a bheith istig aca.
Cuirtí an buillín ar chathaoir, agus an té bhrisfeadh le maide í, bheadh sí aige. Muna mbrisfeá í chaithfeá trí-leath-phinghní a dhíol le bean a' tighe.
Cuirtí cheithre phláta ar an mbord. Bhíodh uisce i gceann, cré i gceann, agus paidirín agus fáinne sa dhá cheann eile. An té go mbíodh púicín air sáthadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Bhúdhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire bean Uí Lúghaing
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí