Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuinneóg againn sa mbaile. Tá sé cruinn agus sé cinn de lataí thart timcheall air.
Nuair a bhíos siad ag déanamh an mháistre,gl[?] ann siad i tdosach é, annsin cuireann siad loinithe agus claibín agus réalán air.
Ins an ngeimhreadh cuireann siad uirge te air acht ins ins an Samhradh ní chuireann. Bíonn siad tuair 's leath-uair dhá dhéanamh, tagann an t-im aníos ar gclaibín, bíonn shíos aca annsin go mbíonn sé déanta.
Tógann siad aníos an t-im annsin agus nigheadh siad é cupla uair. Annsin cuireann siad salann air.
Nuair a bheitheá ag déanamh an maistre, dhá dtagadh strainséar isteach, muna ndéanadh sé thamall de'n maistre thugadh sé an t-im amach leis.
'Sé an sórt cuinneóg atá againn sa mbaile ceann a buailtear le maide a dtugann na daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Mhic Fheorais
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe