Scoil: An Drom Clochach (B.)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pártholán Ó Ruadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a raibh aon áit iage chun go n'eirioch na saighdiúirí isteach ón mbáistigh. Dubhairt máthair ná féadfadh sé stóbáil a dhéanamh dóibh go léir. Do chuadar isteach ins an iachlann. Chuaidh na saighdiúirí agus na capaill fé aon billeóig amháin chabáiste agus níor thuit aon bhraon báistighe ortha agus is dóibh liom gurab fearr aon tor den cábaiste san ná a bhfuil id gháirdín ar fad. Bhí obair an lae san díobh. Fuaireadar a ndínnéar agus tar éis an dinnéir do chuadar amach ag bálcacroith dóibh féin. Thánadar isteach arís i gcóir na hoidhche agus tar éis a súipéir a chaitheamh dóibh chuadar go dti a leabchacha chodlata. Agus ar maidin an tarna lae do eirigheadar go mocóideach. Nuair a thógadar a mbreicfeast thosnuigheadar ar obair an lae. Thug
Áiféis amach i ngáirdín prátaí é. "A bhfeacaís chómh maith leis sin? Tá an gáirdín go maith agus go dean mhaith" arsa Seán. "Ní réidthigheann san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Parthalán Ó Ruadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)