Scoil: An Drom Clochach (B.)

Suíomh:
Drom Cloch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pártholán Ó Ruadhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0408, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0408, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Drom Clochach (B.)
  2. XML Leathanach 002
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ní ar an mbochtanas is measa dhom bheith thíos go deo ...

    Ní ar an mbochtanas is measa dhom bheith thíos go deó,
    Ach an tarcuisne a leanann é go ragham fé'n bhfód.
    Ach má tá Flaitheas Dé mar an Eaglais
    Níl brígh in ar ngnó.
    Is ní fearr dul go dtí an tAifreann ná suidhe ar an móin.
    De dheascaibh ban tháinig peachadh an sinnsir
    De dheascaibh ban do sheól mise ins a tír seo.
    De dheascaibh ban do chuir tusa mar taoin tú.
    Eóghan Ruadh Ó Súilleabháin do chan na cearbhaill thuas. Do bhuail sagairt leis lá agus do bhí ag tabhairt agaidh na much is na madraí air chun é do ruagadh as an dúthaigh. Sin é thuas (an dara ceann) an freagra a thug Eóghan air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pártholán Ó Ruadhacháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)