Scoil: An Drom Clochach (B.)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pártholán Ó Ruadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí fear ann fadó gurbh ainm dó
Áiféis na Blách. Bhí aon inghean amháin aige. Ní raibh aoinne chun í d'fhagháil uaidh ach duine éigin do bhuadhfadh airféin le háiféiseacht. Do bhí railéal (sonnadh) iarainn mór thimcheall na cúirte. Do tháinig daoine fé na déin ad carraidh í do bhuachtaint. Deinthith [?] gach aoinne aca cad é an slígh bháis a bhí sé chun a thabhairt dóibh. Fé mar a bhíodar ag teacht chuige bhaineadh sé na cinn diobh go dtí go raibh gach aon spíce dá raibh ar an railéal iarainn clúduighthe aige le cenn daoine ach aon spíce amháin. Bhí baintreabhach ann agus ní raibh aici ach aon mhac amháin agus bhí sé óg. Dubhairt sé le n-a mháthair go dtabharfadh féin fé Áiféis feachaint an bhfaghadh sé an inghean uaidh. "Loiscreán ard ort" arsa a mháthair. "Thánadar [?] buachaillí agus fearaibh fé dhéin Áiféis agus do bhain sé na cenn díobh uile, an amhlaidh a smaoineann tusa dul fé n-a dhéin chun do cheann a bhaint diot". "Bhain sé cinn de fhearaibh chómh maith liom". D' fáiscigh sé é féin sios chun dul fé n-a dhéin. D'iarr sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Parthalán Ó Ruadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)