Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Isteach leis an gcailín aimsire sa tigh agus gléas sí suipéar agus thug sí amach cuig an mnaoi agus na malraigh é. Nuair bhí sé in am codalta thug sí isteac iad agus thug sí leabtacha dóibh. Thug sí biadh dóibh ar feadh trí n-oidhche agus trí lá.
D'imthigh an bhean bhocht annsin agus d'fhág sí a beannacht ag an gcailín aimsire. Go luath indiaidh sin tháinig tinneas mór ar mnaoi an tighe agus bhí sí imbéal an bháis. Sul shéalaigh sí amhthach d'iarr sí ar a fear an cailín aimsire a phósadh nuair bheadh sé ina bhaintreabhach. D'aontuigh sé agus rinneadh sé mar h-iarraidh air nuair bhí an seans aige.
Oidhche amháin tháinig sprid na mna a fuair bás cuig an bean nua-phósta agus ars sise "Tá trí ionaid duit i bhflaitheas Dé agus má thugann tú ceann domsa beidh cead agam dul ar neimh" "Bhéarfaidh mé ceann duit agus fáilte" ars an bhean agus leis sin chonnaic sí an sprid ag dul suas go flaitheas Dé.