Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 398
- XML “An Biorán Suain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Biorán Suain.Bí fear ann fadó agus ní raibh aoinne sa teach leis acht a mháthair. Bhíodh sé ag imtheacht ar a chuairt uile oidhche. Tráthnóna amháin agus é ag dul amac mar ba gnáthach leis labhair a mháthair agus dubhairt sí gur bhfearr leis bean d'fháil dó féin ac níor thug an mac aon áird uirthi.
Ag teacht abhaile dó Oidhche Samhna casadh triúr fear leis agus iad ag iomchar comhrann. Labhair sé leo agus ars eisean "Tá ualach mór orraibh Bail ó Dhia orraibh" Ar an bpoinnte dubhairt sé na fochla sin ná leagadar an chomhra agus d'imthigheadar as amharc. D'oscail an fear an cómhra agus céard a bheadh istigh innti ac bean áluinn agus í beo. Thug sé leis abhaile í
Chuir an mháthair fáilte rómpa. "Tá mé ceaptha" ars an mac go bhfuil an bhean so lag tabhair rud eicint le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dabhoráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe