Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- XML Leathanach 347
- XML “Scéal - An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
An Crocaire Thar Nocht.
Bhí fear i n-Eirinn fadó agus sé an tainm a bhí air gruagach na gaisge. Bhí triúr Mac aige agus cuireadh iad ag iarraidh éin gach lá An duine sin indiú an duine sin amháireach agus an duine sin an lá ar na dhiaidh sin. Sé an tainm a bhí ar an duine boige Donn O' Dubhtaigh. Cuireadh amach lá é ag iarraidh ean agus nuair a rug sé ar an éan dubhairt sé leis é a leigean amach. Dubhairt sé go leigfheadh Nuair a tháinigh sé abhaile dubhairt an tathair leis nach niosfhadh sé da ghreim ar aon bord nach gcodlocadh néal ar aon leabhadh nó go bhfuigheach sé an téan dhó.
Is cuma liom ar seisean acht ní imthighthó mé gan gleas marcuidheachta agus gan costas an bhealaigh. Dimthigh sé ag marcuidheacht agus siubhal agus ceoltóireacht agus níor stad sé go ndeacha d'en Ghréig.
Bhí sé lé dhul go dtí an Ríogh acht ní raibh fhios aige c'e'n sórt duine a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)