Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisge. Sin é an fáth ar tugadh Bradán Caoch i n-Easa Ruadh orm.Deirtear gur ó Dheire Foghmhair go dtí deire Mí na Nodhlagh a shíolruigheas an Bradán. Deirtear gur i n-abhainneacha nó i lochanna a chomhnuigheas an Bradán. Teagann sé na ceádhta míle ó'n bhfairrge leis seo a dhéanamh ar an abhainn céadhna a cruthaigh sé é fhéín roimhe sin uirthe. Deirtar go mbíonn dath chómh glas leis an sgillingh air thar éis a thiaghacht ó'n bfairrge dhó. Deirtear go mbíonn sé ag athrú dath ó'n gcéad lá a theagann sé ar an loch. Eoirasach a thugtar ar an mbradan boineann, agus fir-bhreac nó lábánach ar an gceann fireann. Deirtear go mbíónn an bradán chómh lag lé tráithnín thar éís sceitheadh dhó agus is minic a cháilltear na sgórtha aca sul má bfághann siad an fhairrge a bhainnt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cúaláin
- Inscne
- Fireann