Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an áít a raibh an t-iolar. Bhfuil aon sgeál agat anois a deir tIolar? Ní'l a deir an Buachaill. Tá mé marbhuighthe ag siubhal a deir an Buachaill. Muise go deinimh tá a deir an tIolar ag Bradán Caoch i n-Easa Ruadh a tá a fhios a deir an tIolar. Dimthigh leis go hEasa Ruadh agus fuair an Bradán roimhe san abhainn. Caíde do cuimhne a deir an Buachaill? Mó cuimhne is fada sin a deir an Bradán. An cuimhneach leath léíthidhe na h-oidhche areír a deir an Buachaill? Is cuimhneach liom oidhche níos measa a deir an Bradán. Lá amháin dhá rabhsa ar an uisge seo thug mé léímh as an uisge agus sul a táinigh mé anuas rinneadh aon leac-oidhre amháin d'en uisge. Béígin dhom fanacht ar an leac oidhre nó go dtainigh an t-iolar dhomh ionnsuighe. Tháinigh sé anuas orm agus bhain súil gorm glas a mó cheann. Briseadh an leac-oidhre agus chuaidh mé faoí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cúaláin
- Inscne
- Fireann