Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 187
  3. XML “An Míol Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Breach mór millteach is seadh é. Tá sé ibhfad níos mó ná an sceirc. Is amach ins an bhfairrge fhíadain a bhíonns sé an vhuid is mó den am. Acht nuair a bhíos aimsir an gharbh uilig ann tagann sé isteach ins na cúanta. Tá sé ráidhte gur seacht sceirc Gramhper agus gur seacht nGramper míol mór, agus gúr seacht míol mór eascón.
    Bhí bádóirí ag iasgach fadó amuigh uilig ar an bhfairrge agus chonnaic siad an Míol Mór. Síl siad i dtosach gur óiléan a bhí ann. Rinneadar air agus nuair a bhí siad inaice leis dosgail sé a bhéal agus shlóig sé iad. Ba gearr a bhíodar tiar ann, nuair a casfadh tuille fear ortha.
    Bhí siad-sa ag cuireadóireacht agus chúile sórt ann. D'fhiafruigh siad dhoibh cén t-acar a bhí siad istigh. Dubhairt siad leo gur seacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Beartla Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann