Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
N., Bean Uí Cholchúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 343

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 343

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Leathanach 343
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    foighdeach umhal agus níor dhubhairt sí a thuilleadh. Chuaidh sí súas ar an ngearrán agus thíomháin síad leó arís gur chuir síad cúpla míle eile díobh. Ach bhí an lá go brothallach agus an grían ag sgoilteadh na gcarraig agus ba geárr gur tháinig tart mór uirthí aríst. Casadh abhainn ortha agus ghlaoidh sí ar an mnaoí chóimhdeachta arist. "Íslig" ar sise "Agus tabhair deoch chugam in mo chorn óir" Bhí dearmad déanta aiche lé fada ar an bhfocal borb adúbhairt an bhean-chóimhdeachta. Labhair an bhean-chóimhdeachta ni ba bhuirbe ná ríamh "Ma theastuigheann deoch uait t-eirigh agus faig é, ní bheidh mise in mo mnaoí chóimhdeachta agat níos mó" D'isligh inghean an ríogh de'n ghearrán agus luigh ar a béal fúithe lé h-ais na h-abhna. "Go bfóiridh Día orm" ar sise agus d'fhreagair na braonacha fola aríst "Dá mbhéadh fhios sin ag do mháthair sgoiltfheadh a croidhe ina clíabh"
    Núair a chrom sí síos leis an deoch a ól thuit an naipcín amach as a brollach agus d'imthigh leis an sruth agus bhí sí chómh búaidheartha sin nár thug sí fá ndhear ag imtheacht é. Ach chonnaic an bhean-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0533: The Speaking Horsehead
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bhéra Ní Mhuireadhaigh
    Inscne
    Baineann