Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
N., Bean Uí Cholchúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Capall sa stábhla agus i rith ins na cosa anairdhe.
    Freagra: - Turna.
    2. Droicead ar loc gan maidí gan cloch.
    Freagra: - leac-oighre.
    3. Chomh cruinn le mo cheann agus chomh fada leis na mílte crann.
    Freagra: - Ceirtlín snáithe.
    4. Barraile ar sráid is a dhá cheann dúnta.
    Frg: - ubh.
    5. Trí cosa anairde , dhá chos ar talamh. Ceann an duine mbeo i mbéal an duine marbh.
    Freagra: - Pota
    6. Dhá bhó bainne ar thaobh cnuic, ceann san oidhche, ceann san ló. Dá dtagadh an peíre le chéile ní bheadh aoinne beo.
    Freagrach: - an gealach agus an gréin.
    7. Siúd sa gclúid é agus dhá chéad súil ann.
    Freagrach: - pota anbhruit.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dubáin
    Inscne
    Baineann