Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
N., Bean Uí Cholchúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Sgéal.
    Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí mac aici darbh ainm "Giolla an gCosa Dubha. Sé an fáth gcur tugadh an ainm seo air - mar ní nigeadh sé a chosa o bhliadhain go bliadhain. Chuile Oidhche Shamhna d'arbuigeadh a mháthair leis a cosa nigheacan ach ní raibh aon mhaith ann.
    Nuair a tháinig Oidhche Shamhna an bhliadhain seo, d'iarr sí air iad a nígheacan ach níor nigh. Lean sí é le slat ach chuaidh sé isteach sa coill. Amac san meadhon-oidhche d'airig sé torrain agus ba gearr go dtáinig fear beag amac as lios a bhí ingar dó agus ghlaoid sé amach:- Mo shrian, mó diallaid agus mo chapall. Tháinig siad aige:- Capall beag bán, diallaidh breág leathar agus srian breág leathar. Lean siad orra mar sin go dtáinig dhá reag amac, agus, capall, diallaid, agus sriain ag gac duine. Annsin dubhairt an Giolla go ndéanfad sé féin aitris orra. Sheas sé ar an cnocán céadna agus d'iarr sé an rud céadna agus fuair sé é. Lean sé an dá duine dheag agus tháinig sé suas leo. Bhí sé dá leanacht i gcómhnuidhe agus ba gearr gur innis siad dó cá raibh siad ag dul. Dubhairt siad go raibh siad ag dul ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Seoige
    Inscne
    Baineann