School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)foighdeach umhal agus níor dhubhairt sí a thuilleadh. Chuaidh sí súas ar an ngearrán agus thíomháin síad leó arís gur chuir síad cúpla míle eile díobh. Ach bhí an lá go brothallach agus an grían ag sgoilteadh na gcarraig agus ba geárr gur tháinig tart mór uirthí aríst. Casadh abhainn ortha agus ghlaoidh sí ar an mnaoí chóimhdeachta arist. "Íslig" ar sise "Agus tabhair deoch chugam in mo chorn óir" Bhí dearmad déanta aiche lé fada ar an bhfocal borb adúbhairt an bhean-chóimhdeachta. Labhair an bhean-chóimhdeachta ni ba bhuirbe ná ríamh "Ma theastuigheann deoch uait t-eirigh agus faig é, ní bheidh mise in mo mnaoí chóimhdeachta agat níos mó" D'isligh inghean an ríogh de'n ghearrán agus luigh ar a béal fúithe lé h-ais na h-abhna. "Go bfóiridh Día orm" ar sise agus d'fhreagair na braonacha fola aríst "Dá mbhéadh fhios sin ag do mháthair sgoiltfheadh a croidhe ina clíabh"
Núair a chrom sí síos leis an deoch a ól thuit an naipcín amach as a brollach agus d'imthigh leis an sruth agus bhí sí chómh búaidheartha sin nár thug sí fá ndhear ag imtheacht é. Ach chonnaic an bhean-(continues on next page)- Collector
- Bhéra Ní Mhuireadhaigh
- Gender
- Female