Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
N., Bean Uí Cholchúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
  2. XML Leathanach 318
  3. XML “Seanamhráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanamhráin

    D'iompuigh sí thorainn amach trí na sléibhie

    I
    D'iompuigh sí thorainn amach trí na sléibhie,
    In aice Mám éan a thiocfadh sí chun cuain,
    Chuaidh sí ar maidin anuas an bealach céadhna,
    Bhain sí Ceann Leíme is beál calaidh ó tuaidh,
    II
    Bhí ceathrar ar Deck 's'iad ina leíne,
    Is fear eile ag feácaint na h-aire cois cuain,
    D'eírigh an fairrge chomh thois leis na speartaí,
    Nach dona fritheadh Éire is í a leigint chun cuain.
    III
    Ba láidre ag teacht í na neart Fianna Éireann
    Na h-acstoip i dtéacadh a gaisfe ar an traigh
    Ba luaithe í na capall a b'fearr bhí in Éirinn,
    Gan snáithe don éadach ac teine agus gual.
    IV
    Beidh cuimniú ag an leanbh bhí faoi bhroinn a mháthair,
    Gur Neifin a d'fág é an plainead faoi chéad
    Tá leath-cheanna an Chreidimh i bpríosún le ráithe,
    'S tá Wellington sásta é a coínneál go h-éag.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Patricia Ní Cuinneagáin
    Inscne
    Baineann