School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhráin
“D'iompuigh sí thorainn amach trí na sléibhie”
I
D'iompuigh sí thorainn amach trí na sléibhie,
In aice Mám éan a thiocfadh sí chun cuain,
Chuaidh sí ar maidin anuas an bealach céadhna,
Bhain sí Ceann Leíme is beál calaidh ó tuaidh,
II
Bhí ceathrar ar Deck 's'iad ina leíne,
Is fear eile ag feácaint na h-aire cois cuain,
D'eírigh an fairrge chomh thois leis na speartaí,
Nach dona fritheadh Éire is í a leigint chun cuain.
III
Ba láidre ag teacht í na neart Fianna Éireann
Na h-acstoip i dtéacadh a gaisfe ar an traigh
Ba luaithe í na capall a b'fearr bhí in Éirinn,
Gan snáithe don éadach ac teine agus gual.
IV
Beidh cuimniú ag an leanbh bhí faoi bhroinn a mháthair,
Gur Neifin a d'fág é an plainead faoi chéad
Tá leath-cheanna an Chreidimh i bpríosún le ráithe,
'S tá Wellington sásta é a coínneál go h-éag.(continues on next page)- Collector
- Patricia Ní Cuinneagáin
- Gender
- Female