Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna.1/ Capall sa stábhla agus i rith ins na cosa anairde.
Freagra:- Turna.2/ Droicead ar loc gan maidí gan cloch.
Freagra:- Leac-oighre.3/ Chomh cruinn le mo cheann agus chomh fada leis na mílte crann.
Freagra:- Ceirtlín snáithe.4/ Barraile ar sráid is a dhá cheann dúnta
Frg:- Ubh.5/ Trí cosa anairde, dhá chos ar talamh. Ceann an duine mbeo i mbéal an duine marbh.
Freagra:- Pota.6/ Dhá bhó bainne ar thaobh cnuic, ceann san oidhche, ceann san ló. Dá dtaghadh an peíre le chéile ní bheadh aoinne beo.
Freagra:- An Gealach agus an Gréin.7/ Siúd sa gcluid é agus dhá chéad súil ann.
Freagra:- Pota Anbhruit.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dubáin
- Inscne
- Baineann