Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teacht agus chuaidh an fear a bhí ag éisteacht leis an bhféar ag fás amach agus chualadh sé an fear ag srannadh. Ghlaoidh sé amach ar an bhfear a bhí ag caitheamh orchar le marc nach bhfaca sé agus dubhairt sé leis orcar a chaitheamh agus an bíorán suain a bhí in [?] a chúl a bhualadh nó gheobhaidh siad abhaile gan an bhean. Chaith sé an orchar. Bhuail sé an bíorán suain agus chuir sé seacht míle uaidh é. Dhúisigh an fear annsin. Chonnaic sé an buidéal follamh le na thaoibh agus bhí fhios aige go maith céard a bhí déanta. Rug sé ar an mbuidéal agus bhain sé as siar go dtí an domhan Thiar arias [!] agus chuaidh sé thar an t-Sean bhean nuair bhí sí garr go maith dé'n teach. Bhí sé istigh roimpí. Dubhairt fear an tighe go raibh sin déanta ceart aige acht muna mbeadh an choill a bhí taoibh amuigh dé'n teach leagtha acha fa cheann cúig nóiméad nach bhfuigheadh siad an bhean.
Chuaidh an fear a raibh na bairillí in-a phóllaírí amach. Thairing sé anuas a bairillí agus thosuigh sé ag séideadh agus ag séideadh agus ní raibh sé dhá nóimeadh go raibh an coill leaghtha aige. Bhí fhios ag fear an tighe go raibh siad in ann chuile shórt a dhéanamh. Thug sé an bhean doibh agus d'imthigh siad abhaile. Ba é an fear beag ruaid spriodaid an fear a bhí sa gconra agus eisean a chur na fir eile rompa.- Bailitheoir
- Patricia Ní Cuinneagáin
- Inscne
- Baineann