School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Page 185
- XML “Na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thiocfas mé arais leis, muna mbeidh m'ainm ar bharr do ghuib agat bainfidh mé an cloigeann dhíot.
Bhí an oiread sin cantal agus briseadh croidhe uirthe, nuair chuala sí é sin, le faitchios go mbainfeadh sé an cloigeann di, d'imthigh sí lei amach, agus thug sí buicéad lei le haghaidh uisce. Nuair shroich sí an tobar bhí bean ina suidhe ag an tobar, agus 'sí a mathair féin abhí ann. Labhair sí le na hinghean agus dubhairt sí leo," is minic a dubhairt mé leat gan abheith in do shuidhe chomh fada sin 'san oidhche, ach iocfaidh tú anois ann." "Nuair rachas tú abhaile" dubhairt an mathair arís lei, caith uait an buicéad ar an dtalamh agus abair go hárd "tá Cnoc Maol Dris fré theineadh." Ritheadh na daoine amach ar an t-sráid agus annsin caith thusa idir bréidin agus snáth amach ar an t-sráid agus ná fág tada a bhaineas leo istigh." "Annsinn fáigh láighe agus sluasad agus tean an Croich Céasta san doras agus ní bheidh siad indon teacht isteach níos mó." Nuair chuaidh sí abhaile, chaith sí uaithe an buicéad, thosuigh sí ag bualadh a bada le chéile agus dubhairt sí "ó bhó, bhó. tá an Cnoc fré theine". Rith na fir agus na mná(continues on next page)