School: An Cnoc (Leitir Mór)

Location:
An Cnoc, Co. Galway
Teachers:
Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 184

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 184

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
  2. XML Page 184
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus d'fhanadh sí ina suidhe gach oidhche indiaidh gach duine, ag sniomhacán agus ag cardáil olna. Deireadh a mathair ler dul a chodhladh, gan fanacht 'na suidhe chomh fada sin 'san oidhche nach raibh sé ceart. Bhí go maith nó gur cailleadh a mathair. Bhí sí i na suidhe oidhche Shatharn go dtí a haon a clog, ag sniomhachán. Bhí an doras oscailte isteach aice agus badh ghearr gur shuibhail firín beag bideach isteach. Shuidh sé ag an taobh eile de'n tuirne, agus thosnuigh sé fhéin ag sniomhachán. Ba ghearr go dtáinig duine eile isteach agus duine eile, agus duine eile. Bhí siad ag teacht isteach mar sin nó go raibh an teach lán.
    Thosuigh siad ag sniomhachán in éinfeacht leí agus ní raibh sí indon focal a labhairt le faitchios. Labhair duine aca leí 'sa deire agus dubhairt "tá an saoghal fada go leór ag dul leat, in do shuidhe gach uile oidhche go dtí an dó a chlog acht iocfaidh tí anocht ann." Nuair bhéas an bréidín seo sniomhtha", adeir sé arís Tuibhrfaidh mise liom é le é ghanadh." Nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish