School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Núair bhíos an madadh ag iththe féir bíonn báisteach air.
Má bhionn an meadhgabhair ag imtheacht 'san aer bíonn báisteach ar agus fuarlach.
2. Nuair bhionn an cat ag luighe 'sa gclúid agus a dhá chois sínte amach aige bíonn sioc agus sneachta ar.
3. Nuair a theigheann na gcábha fiadháine ó thuaidh sin comhartha go mbionn gál mór ar agus stoirm ar.
4. Má theigheann na lachain fiadháine ó dheas sin comhartha go mbíonn aimsear bhreagh ar agus nuair theigheann siad ó thuaidh tá sé ráidhte go mbionn gaoth anoir ar agus nuair a theigheann siad siar tá sé raidhte go mbionn báisteach ar freisin.
5. Ma bhionn an teine dubh ta sé ráidhte go mbionn sioc ar.
6. Núair bhíos go leór éisg ins na líonta sin comhartha go mbionn baisteach ar.
7. Núair a bhionn lasair gorm ar an dteine tá sé ráidhte go mbíonn aimsear bhreagh ar.- Collector
- Bríd Puirséal
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir