School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Page 186
- XML “Na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)abhí istigh, amach ar an t-sráid, agus iad ag caoineadh ag rádh "mo chuid páistí a d'fhág mé 'mo dhiaidh dóighte". Nuair a fuair an bhean amuigh iad rith sí isteach agus chaith sí an snáth agus gach ar bhain leo amach ar an t-sráid, agus rinne sí an Croich Chéasta ins an doras agus níor fhéad siad theacht isteach arís. Thug an fear an bréidín leis agus nuair abhí sé glanta aige tháinig sé arís. Nuair a tháinig sí go dtí an bhean d'fhiafruigh sé dhí an raibh a ainm aice." Nar raibh an tádh ort a Shnaidhm ar Bhundún, nach bhfuil d'ainm, ag madraí an bhaile. Dimthigh an fear agus olc air fá go raibh a ainm aice, acht níor fhan an bhean ina suidhe, chomh fada sin aon oidhche ní badh mhó. D'fág sé an bréidin annsin acht níor b'fhéidir aon úsáid a bhaint ar mar bhí gach cineál snáth ar gach dath, ánn. D'fhág an bhean annsin ar an gclaidhe é nó gur leágh an bháisteach é.