Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 147
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fr. = taobh amuigh.
    69. Mo dheaide beag bocht
    Is a mhaide faoi na ucht
    Is é ag silt na ndeor.
    Fr. = bun-tsop an tíghe lá báistighe.
    70. Barraille ar an tráigh
    Is a dhá cheann dúnta
    Fr. = ubh.
    71. Tá peata beag agam,
    Ní íosfadh sé is nó olfadh se,
    Ní dheinfeadh sé tada go gcuirfinn a
    cheann i bhfad síos sa tobar.
    Fr. = peann.
    72. Suid é sa gcómhra é
    Is dhá chéad cóta air.
    Fr. = das gabáiste.
    73 'Siúd istigh faoi-n gcómhra é
    'Siúd istigh faoi'n stól é
    'Siúd amach an doras é.
    Cáill an fear a bhéárfas air.
    Fr. = deatach.
    74. Siud sa gclúid é
    is dhá chéad súil air.
    Fr. = pota anbhruith.
    75. Deatach sa ngleann
    Is gan aon spleannc ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge