Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    lá sin bhí inghean ag an maighistear le cur ar scoil. Bhaist an maighistear na gasúir. Thug Céadtach ar mhac Rí na h-Éireann agus an lon-dubh ar mhac Rí an Domhain Thoir agus Máire ar a inghean fhéin.
    Chuaidh an triúr ar scoil go ceann seacht mbliadhna. Faoi cheann seacht mbliadhna tháinic na Righthe ar ais. "Fagfaidh muid go ceann seacht mbliadhna eile iad agus beidh siad ceithre bliadhna déag", adubhairt siad. Faoi cheann ceithre bliadhna déag tháinic na righthe ar ais. "Fág iad go mbeidh siad bliadhain is fiche agus beidh siad chomh-mór libh féin" adeir an maighistear. Sul a raibh an t-am thuas ag na gasúir bhí a ndóthain fóghluma acu.
    Chuaidh siad amach lá ag siubhal ar fud an bhaile mhóir. Ba ghearr go dtáinic siad go teach ghabhann. Ní raibh an gabha ag an teach. Rug Céadtach ar an ord agus dubhairt leis an londubh a mhéar a leagan ar an inneóin. Leag an londubh a mhéar insan áit ar dubhradh leis. Bhuail Céadtach dho'n ord é agus rinne a mhéar chomh leathan le pláta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Céadach (~8)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamas Ó Tuathail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Gleann Trasna, Co. na Gaillimhe