Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 068
  3. XML “Nidden is Didden is Donall Ó Néara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Sé Peadar Ó Conaire ('Peadar Éinde') a d'innis na sgéalta seo leanas dhom; iad seo ó leathanach 68-81. Sean'fhear é atá ag tarraingt an tsean-pinsiúin le sé no seacht de bhliadhntaibh. As Lufanán, Camus Uachtair, Casla é.
    --
    Nidden is Didden is Donall Ó Néara
    Do mhair i n-Éirinn fadó triúr fear darbh ainm Nidden is Didden is Donall Ó Néara. Beirt fhear saidhbhir do bheadh Nidden is Didden, acht fear bocht dona do bheadh Donall Ó Neara. Ní raibh acht t-aon bhó amháin ag Donall, agus sé'n t-ainm a bhí ar an mbó sin "Déasaí.
    Céard a dhéanfadh Nidden is Didden acht an bhó sin a mharbhughadh ar Dhonall. 'Se'n fáth ar rinne siad sin féachaint an n'imtheóchadh Donall as an áit ar fad agus nach mbéadh tada ag cur isteach ortha fhéin uaidh sin amach.
    Bhí Donall ró-ghlic dhóibh. Séard a rinne sé ná an croiceann a bhaint de'n bhó agus sgilling nó dhó de phinghneachaibh ruadh a chur isteach san gcroiceann agus imtheacht chun an bhaile mhóir leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Cínde
    Ainmneacha eile
    Peadar Cínde
    Peadar Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 65
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe