Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 033

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 033
  3. XML “An Gasúr a Chuaigh go hIfreann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ó ghabhfadh an ghrian faoi go n-éireóchadh sí, bheadh sé caillte ar maidin. D'fhág an fear a phíopa shíos sa ngarrdhaí sa lá, & nuair a tháinig an oidhche dúbhairt sé leis an ngasúr - "Ó dhearmadas mo phíopa thíos sa ngarrdha & caithfidh tú dhul 'na choinne". (Caithfeadh sé rud ar bith a d'fhiarrfadh an leas-athair air a dhéanamh).
    Chuaidh sé isteach sa ngarrdha ach díreach nuair a bhí sé ag dul a' thógáil an phíopa, dúbhairt an guth leis é sin a leagaint uaidh. Dúbhairt an gasúr nách leagfadh. Dubhairt an ghuth go leagfadh. "Mara leagfaidh", ars an guth "caithfidh tú mise 'iomchar". "Sár liom rud ar bith a dhéanamh ars an gasúr, ná teacht abhaile gan an píopa". Ar an bpoinnte sin tháinic an meadhchain do léim ar a dhruim & chuir sé go dtí na rúitíní sa talamh é.
    D'imthigh leis annsin go dtáinic sé go dtí teach a bhí ar leat-taoibh an bhóthair. "Ná leag annsin mé" ars an diabhal, mar 'sé bhí ar dhruim an ghasúir. Bhí siad ag imtheach leó annsin go dtáinic siad go dtí teach eile. "Leagfaidh mé annseo anois thú" ars an gasúr. "Ó, ná leag, tabhair go dtí an teach seo thoir mé".
    Thug & bhí an diabhal ag dul isteach nuair d'fhiafruigh an gasúr dhe. "Cé'n fáth nách ndeachaidh tú isteach sa gcéad teach?" "Bhí siad sin ag rádh an phaidrín páirteach & ní fhéadfainn aon chathú a chur orra & lánamhain phósta a bhí sa gceann eile & bhí siad an tsóchamhlach, & ní fhéadfainn iad a chorruighe ná aon chathú a chur orra. Ach maidir leis an teach seo bíonn an fear & an bhean ag troid i gcómhnaidhe & beidh spraoi agam orra".
    Fuair an gasúr an píopa & d'imthigh sé abhaile. Bhí ionghantas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ainmneacha eile
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe