Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 021
- XML “Jackeen - An Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí an choinín a raibh an chois briste aige ag dul thairis, lean an fear é agus fuair sé greim air. An fhaid & bhí an fear imthighthe ghoid Jackeen an céachta & thug sé chuig an cheannphort í. Nuair a chonnaic an cheannphort í, dubhairt sé, "Is maith an fear thú, ach mara ngoidfe thú an fáinne atá ar láimh mo mhná anocht, bainfidh mé an ceann díot".
Bhí máthair an fhir seo léis a cur, & nuair a tháinig an oidhche, thóig Jackeen an chailleach & chuir sé 'na seasamh taobh amuigh den doras í. Nuair a chonnaic an fear í - bhí an oidhche fíor-gheal - shíl sé go mbé Jackeen a bhí ann. Ní rinne sé ach aghaidh an ghunna a thabhairt air. Nuair a sgaoileadh an t-urchar, sgaoil Jackeen uaidh an chailleach & thit sí ar an talamh. Nuair a chonnaic an duine uasal sin shíl sé go mbé Jackeen a bhí ann & d'éirigh sé le é a chur.
Nuair a fuair Jackeen imthighthe ag cur na caillighe é, chuaidh sé féin isteach sa teach. "Cé'n fáth" arsa an bhean "nách bhfuil tú á' chur" mar shíl sí gur bh'é Jackeen a bhí marbh & go mba é a fear féin a tháinig isteach in-áit Jackeen. "Ó! tá múir báistighe ann" ar seisean "& gabhfaidh mé codladh go fóilleach".
Chuaidh Jackeen isteach a' chodladh in-éinfheacht le bean an duine uasail & níor airigh sí ariamh gur sgiob sé an fáinne dá méar. Nuair a tháinig an duine uasal bhí fearg chomh mór sin air & nach ndéarna sé ach gach a raibh san ngunna a cur thríd fhéin. Nuair a bhí sé curtha caillte, phós Jackeen & bean an duine uasail & chaith siad saoghal sona. Ar ndóighe ní bheadh easba airgid uirrí & Jackeen bheith mar fear aici.- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe