Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 013
- XML “An Sagart Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sí nach dtiubhradh. Dubhairt sé go gcuirfeadh sé seacht mbliadhna ar thóin na farraige í muna dtiurfadh. "Is fearr liom é sin fhéin" adeir sí "ná é a thabhairt dhó".
Annsin dubhairt sé go dcuirfeadh sé seacht mbliadhna san aer í agus dubhairt sí go mba fhearr leithe sin ná é a thabhairt dhó.
Annsin dubhairt sé leithe go gcuirfeadh sé seacht mbliadhna i seómra an tSagairt Duibh í agus dubhairt sí annsin níos túisce ná bhéadh sí nóiméad annsin go dtiubhradh sí dhó é. Thug sí dhó annsin é agus tháinig sé ar ais go dtí an Sagart Dubh. "Tá tusa ceart anois" adeir an Sagart Dubh, "acht go bhfóiridh Dhia orm-sa". "Caithfidh tú imtheacht agus capall fiadháin a fhághail agus mo chosa-sa a cheangail dho chosaibh deiridh an chapaill agus a bheith dhá bhualadh i dtreo is nach mbeidh le fághail don Sagart Dubh acht a chnámha agus iad a phiocadh suas agus iad a chur in áit áirithe. Annsin do rinne sé mar a dubhadh leis. Dubhairt an Sagart Dubh leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire, Bean Uí Finneachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe