Scoil: Cloigeann

Suíomh:
An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Fathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 298

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 298

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloigeann
  2. XML Leathanach 298
  3. XML “Scéalta Greannmhara”
  4. XML “Taibhse an Chladaigh Dhuibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go léir. Acht i lár an sgéil tharraing sé an t-iarann amach go fíor-thapaidh, agus bhuail sé ar an inneóin é go mear 's go láidir, d'imthigh cirth mór dileóg air agus sgeinn an fear bocht a chúl agus thuit sé ar an urlár.
    Phléasg gáiridhe ar an ngabhainn. Nuair d'éirigh an fear tinn bhí mórán fola in a bhéal acht bhí an fiacal imthighthe. Bhí sé ar ceann na sringe. "Mo chorp ón diabhal" ar seisean "Níor mhothaigh mé é ag teacht amach ar chor ar bith". "Nár innseas sin duit" ars an gabha "Téigh abhaile anois agus nuair bhéas sé de dhith ort-sa arís fiacal a tharraing amach béidh fhios agat-sa cá dtiocfaidh tú".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seo scéal grinn a thuit amach le deireannaighe sa gClochán i gCoin Mhaicne Mara. Chonnaic na daoine "fear" an oidhche seo (23adh D. Fóghmhair 1937) agus bhí cinnte go raibh sé marbh agus curtha le trí seachtmhainí. Micheal Ó Fatharta, An Cladach Dubh, An Clochan, an "fear" atá i gceist.
    Tá sé timcheall a seascadh bliadhina d'aois - sin a bhí ar an gcomhrain a tháinic ó teach na mbocht i mBaile Locha Riabhach, agus a cuireadh sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Íde Ní Thuarthail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Muirnín, Co. na Gaillimhe