Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)

Suíomh:
Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Ó hIarfhlaithe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 093

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 093

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Caltha
  2. XML Leathanach 093
  3. XML “Amhráin Máirtín Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an séipéal lán is ag dul thar maoil.
    Bhí iseal is uasal ann ó fear an bhainne go dtí an T.D.

    (4)
    Ní raibh bhothar treasna ná cóirnéal sráide
    Ó dfágfá an seipéal go dtí an tornóg aoil.
    Nach raibh mná is paístí ag gol is ag ghárthail
    Mar geall ar Máirtín a bheidh ag dul faoi an gcré.

    (5)
    Bhí an Dochtar Michéal ann is é go brónach cráidhte.
    Bhí a dearbhráthar Tomas ann agus is beag nár bhris a croidhe
    Bhí Maire Ní Bháille ann an óig bean aluinn
    Is le cúmha i ndhiaidh Maírtin ní mairfidh sí.

    (6)
    Bhí a cuid caiple ceanglaí ins na stábláí an lá úd
    I gcinn anaíre is a gcluaise síos
    Is an osna a leigeadar nuair a bhí sé ag dul tar an stábla
    Is do chloisfí í ag an tornóg aoil.

    (7)
    Bhí a cuid báid móra an lá úd tharraing suas san dug
    On ngáitín pléasúr go dtí an soitheach síl.
    Is an bhratach a bhí aca i gcomhnaí i naírde.
    Bhí sé an lá úd go dtí leath a gcrainn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Congaola
    Inscne
    Fireann
    Aois
    31
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe