Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 079
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chaith sé ar an gcasán iad. Rinne na gasúir bealac amach as an gcoill aríst. Lá ar na bhárach cuireadh amach amach [!] na gasúir aríst san gcoill. Bhí píosa de chaca na phóca ag an mbuachaill beag agus chaith sé ar an gcasán é agus fuair na gasúir sa gcoill aríst. Acht chíonn ar na gasúir bealach fághail amach as an lá seo. Bhíodar ag siúbhal sa gcoill gur casadh teach beag ortha. Chuaidh siad isteach sa teach agus ní raibh aon duine sa teach rompa acht cailleach. Diarr siad lóistín fuair siad é agus fáilte. Faoi cheann cúpla lá chuir an chailleach an buachaill beag faoi ghlas i stábla. Bhíodhach an cailín beag ag tabhairt a béilidhe chuig an mbuachaill beag gac lá agus chuireach sí isteac chuige é i bpoll a bhí ar an mballa, Lá amháin dubhairt an chailleach leis an gcailín beag pota uisge chuir síos mar go raibh sí ag dul ag marbh an bhuacaill bheag. Nuair a fuair an cailín beag an chaileach cromtha síos ós cionn an phota. Chuir sí isteach in dhiaidh a mullaigh sa bpota an chailleach agus bruitheadh í. Annsin leig an cailín beag amach a dearbráthair as an stábla. Ba leis na gasúir an teach agus an talamh ní ba mo.
Críoch.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Fualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe