Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 063
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí sa mbhaile. céard a bhí ag coinneál moille ar a h-athair, Chuaidh sí go dtí an garraidhe agus fuair sí a h-athair cáillte ann Thug sí abhaile é agus chuir sí é. Bhí dearbhráthair ag an sagart agus d'iarr sé ar an bhean é a phósadh. Ní raibh aon airgead aca a phósach iad. Ach muich a bhí ag an mbhean agus dhíol sí í agus bhí airgead aice. Pósadh iadh, San oidhche tháinig a h-athair ag an doras acht ní leigfeadh an inghean isteach é mar bhí sé curtha aiche roimhe sin. Ní raibh aon áit ag an bhfear lé dul a chodhladh san oidhche, ach dul isteach i stábla na muc. Ní raibh sé i bfhad istigh sa stábla go dtaínig buachaille an t-sagairt ag iarraidhe na muiche. Ní gheibhtear an mhuch "adeir an fear". D'imthigh an buachaill ar ais go dtí an sagart, agus dinnis sé an sgéal dó. Chuaidh an sagart agus an buachaill ar ais go dtí an stábla. Bhí an sagart ag dul ag tabhairt leis an mhuic ach ní leigfeadh an fear leó í. Nuair a tháinigh an Domhnach, dubhairt an fear leis féin go raibh sé ag dul ag an Aifreann. Nuair a chonnaich na daoine ag teacht é, dinnis siad de'n t-sagart é. Má tá sé ag teacht adeir an sagart, ní bheidh mise ar an altóir roimhe. Rith an sagart agus rith na daoine. Acht sean-fhear amháin, nach raibh indon rith. Thuith an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Seoige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe