School: Leitir Caltha (roll number 13952)
- Location:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Donncha Ó hIarfhlaithe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Caltha
- XML Page 059
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí go maith. Bhí an fear ag chur na caillige isteach agus amach tar-éis chuile bhéile agus ba gearr go bfuair sé locht uirrthe. Ní bheidh mise dhá cuir seo, isteach ná amac níos fuidhe adeir seisean, leis an gcaileach agus bhain an fatach an chluais dhe. Dimtigh an dara mac annsin agus thug sé cáca leis. Ní raibh sé i bfada ag siubhal gur casadh madadh leis, D'iarr sé píosa cháca ar an bfear agus dubhairt sé leis nach dtiúbharach. D'imtigh an fear leis annsin, agus ba ghearr go dtaínigh sé go dtí teach an fhathaighe. D'fiafruigh an fathach dhe cé raibh sé ag dul agus dubairt an fear leis gur ag iarraidh obhair, fan agam-sa agus sé an obhair a bheideas le déanamh agat mo mháthair a chuir isteach agus amach cuile lá tar-éis chuile bhéilidhe, agus má fhághann sibh aon lucht ar a chéile, go mbainfaidís an chluais dhá chéile, Bhí go maith, bhí an fathach ag éisteach leobhta lá, ag troid agus bainead an cluais dóibh, mar geall go bfuair sé lucht ar a chéile. Dimtigh an fear leis annsin, agus tháinig sé abhaile, Dimtigh an triomhadh mach annsin, agus thug sé féin cáca leis. Ní raibh sé i bfad ag siubhal gur casadh an mada leis. Diarr an mada píosa de'n cháca ar an bfear.(continues on next page)
- Informant
- Colm Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 32
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe