Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)
- Suíomh:
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Ó hIarfhlaithe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Caltha
- XML Leathanach 031
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)déanfidhmíd leithe chor ar bith" arsa Seán. "Cuartú an óir' atá sí" arsa Pádhraig a d'fhág sí na diaidh. Chuir Seán an tór faoí na cloigeann. Cuireadh aríst í. An oidhce sin thóig Pádhraig aríst í agus thug sé leis an tór, a bhí faoi na cloigeann. Thug sé leis í go dtí siopa Sheán agus chuir sé páipéar té ina láimh. Nuair a táinigh cailín an t-siopa amach ar maidin thuit sí as a seasamh nuair connaich sí an cailleach. Is gearr go dtáinig Seán agus a bhean amach agus thuit siad féin nuair a chonnaic siad an cailleach. Ní raibh sé an-fhada go dtáinig Pádraig agus bhí iongantas mhór ar féin. Cuireadh fhios ar an sagart annsin leis an uaigh a bheannuigheadh. Cuireadh aríst í. Dubhairt an sagart leó má deirigh sí cheana ní éirigheóch sí aríst. Nuair a bhí Seán ag dul ag íoc airgead. Níor tóig an sagart aon airgead uaidh. Acht dubhairt sé leis muc a coinnéal do. Dubhairt Seán go gcuinneoc. Cuirfidh mé an buachaill dhá h-iarraidh i mbárach dubhairt an sagart. An tríomhadh oidhche thóig Pádraig an cailleach agus tug sé leis í go dtí an áit a raibh na muca agus marbuigh sé chuile ceann aca acht ceann amháin. Cuir sé dhá láim na caillaighe ar an sgian agus sáith sé an muic. Ag déanamh amach go bhí an cailleach a marbuigh na muca. Nuair táinig buachaill an t-sagart ag iarraidh na muice. túit sé as a seasamh. Is gearr go dtáinig Seán agus a bean agus an cailín ag breathnuigh ar na muca. Connaic siad an cailleach ag marbh na muice. Tuiteadar as a seasamh nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Clocartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe