Scoil: Leitir Caltha (uimhir rolla 13952)

Suíomh:
Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Ó hIarfhlaithe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Caltha
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mada beag an doras na diaidh. Bhuail Con an t-slat ar a ceann agus deirigh sí san air. Dimtigh leis an long annsin tríd an air. Is gearr go bfaca Con long eile ag teacht. Beannaigh siad dhá chéile. Dia duith a Con. Dia is Muire duit á deir Con. Cé tú féin deir Con. Is mé poláire na gaoithe móire, deir sé. Cá bfuil tú ag dul a deir poláire na gaoithe móire. Tá mé ag dul ag iarraidh inghean an rígh sa domhan thoir a deir Con. Da gearr gur casadh fear eile ortha. Dia duit a deir Con. Dia is Muire dúit. Cé tú féin a deir Con. Is mé Tartar Mór deir sé. Cá bhfuil tú ag dul a deir Tartar Mór. Tá mé ag dul ag iarraidh inghean an rígh sa domhan thóir. Da gearr go dtáinig Con go dtí inghean an rígh. Tug an rígh an inghean do Con agus pósadh iad. Mhair Con agus inghean an rígh go sásta níos mó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Ráighne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    39
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe