Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 408
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Chuigeann.Tá meadar againn sa mbaile. Cuinneóg a thugann-muid air. Tá sé ana-shean amach is amach agus rinne fear as an gceanntar é. Tá sé trí troigh ar aoirde agus cúig troigh ar leithead faoí na bun. Tá go leór cuideanna 'san chuinneóg.
An clár a tugtar ar chlúdach an chuinneóig, agus bíonn luithne leis an mbainne a bhualadh. Bíonn claibín freisin síos ar an luithne leis an mbainne a choinneál síos. Tugtar an caisín ar an gcuid uachtair de'n gcuinneóg, agus an chos ar an gcuid iochtar.
Uaireannta cuirtear splanc faoí an chuinneóg mar ceapann na daoine go gcuireann sin níos mó ime as an mbainne. Chuirfeadh siad táirnge crú capaill ins an luithne freisin le h-aghaidh an rud céadhna. Má thagann stráinséar isteach le linn maistre a bheith dhá dhéanamh ní leigtear amach é go dtógann sé dreas de. Déantar sin ar eagla go dtógfadh sé an t-im.
Bíonn an maistre fiche nóimead ag déanamh. Nuair a bhíos an maistre déanta bíonn cnaipí beaga ime ar uachtar an bhainne. Annsin tógtar an t-im suas leis an chlaibin agus glantar é i mbáisín ádhmad. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighidh Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Oiriúlaigh, Co. na Gaillimhe