Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 385
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teach a raibh an teine i lár an urláir acht chuala mé go raibh sé ar thaobh amháin de'n teach agus poll déanta ann leis an deatach a leigint amach. Ní raibh aon seimnéidh ann an uair sin.
Ní raibh ach doras amháin innte an uair sin agus uareannta ní raibh ach screach innti agus srathar fághtha suas leis. Bhí leath doras i cuid de's na tighthibh freisin. Deirtear nach raibh fuinneóg ar bith innti ach b'fhéidir poll amháin agus slab fágtha suas leis.
Móirtéal agus dóib a bhí mar urlár ins na tighthibh an uair sin.
Dartacha agus giumhaise a bhí mar theine aca an uair sin. Bhí an ghiumh sin go han mhaith do theine nauir a bhíodh sé tirim agus bhí sé go maith freisin le h-aghaidh solar san oidhche.
Sé an solas a bhí aca an uair sin ná na coinnle a rinne siad féin as breibh. Bhainidís iad an céad lá agus annsin cuiridís iad in aice na teine ar feadh cúpla lá. Annsin nuair a bheadh siad tirim bhainidís an craiceann díobh agus chuiridís i geis iad le h-aghaidh cúpla lá agus annsinn bheadh siad ceart go leór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 50