Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 364

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 364

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 364
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Annsin thosuigh sí ag déanamh gaisge agus dubhairt sí nach raibh Márta i n-ann í a mharbhú. Tháinic fearg mhór ar Márta annsin agus d'iarr sé trí lá ar Aibreán. Thug Aibreán trí lá dó.
    Annsin tháinic trí lá millteacha fuar. An céad lá ní raibh an sean bhó i n-ann corruighe as an ngáirdín, an dara lá bhí sí sínte, agus an tríomhadh lá bhí sí marbh.

    Má thagann deire an Fóghmhair go maith tugtar, "Fóghmhair beag na Géanna" air. Nuair a bhíos an coirce bainte ag na feirmeóiribh cuirean siad na géanna isteach ins an gcoinleach ag ithe na gráiní. Tugtar "gairbín na gCuach" ar tosach an Bealtaine. Deirtear go dtugann an cuach an aimsir garbh léithí. Má thagann an cuach go luath deirtear go mbíonn aimsir fhliuch ann.
    Tagann "rabhartha geala na cásca" am éicínt roimh an Cásg. Éirigheann na rabharthaí go h-an mhór an am sin de'n bhliain. Ní gnás le daoine dul ag bearradh caorach ar an Luain, mar adeir an sean fhocal, "Lomadh Luan bearradh Céadaoin." Ní théigheann siad ag bearradh caorach ar an Céadaoin, ach an oiread. Ní théigheann aon duine ag obair Aoinne Céasta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Mártín Seóige
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Gabhlán, Co. na Gaillimhe