Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 362

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 362
  3. XML “Seanchas Stairiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na Flaithbheartaigh ó "Caisleán na Circe". Tá áiteanna i "gCaisleán Achad an Iubhair" le daoinibh a mharbhú. Tugtar na "Flaithbheartaigh uathbhásacha" ortha.
    Tá oileán eile amuigh i Loch Coirib agus tugtar Oileán na gCónrach air. Nuair a tháinic Cromaill bhain sé an talamh de na daoine. Annsin chuir sé isteach ins an oileán iad gan biadh ná tada. Bhíodar go léir ag fághail bháis leis an ocras. Deirtear gur dheineadar a h-uaigheanna féin. Thug Cromaill cúpla sluasaid dóibh, le na h-uaigheanna féin de dhéanamh.
    Bhí fear agus a airm ag triall thar Loch Choirib uair le cath a chur ar na Flaithbheartaigh. Nuair a bhí sé ag dul thar Cnoc Mágh, an áit a bhfuil na sidheóga ina gcómhnuidhe thug se ómós dóibh. Níor bhféidir len' bhean dul níos sia ná Inis Seanbhó. Bhí páiste beag leis an mhnaoí agus bhí bainne ag teastáil uaid. Níor raibh aon bainne le fághail aige.
    Bhí fhios ag rí na sidheóga air seo, agus chuir sé bó bán ar an t-oileán, mar gheall ar an ómós a thug an fear dó. Bhí go leór bainne ag an mhnaoí annsin le h-agaidh an páisde. Tugtar Inis Seanbhó ar an oileán ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13