Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)

Suíomh:
An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 295

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 295

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shindilla
  2. XML Leathanach 295
  3. XML “Stoirm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin bhí beirt fhear amuigh i mbád ar an loc agus bhí sé sáthach stoireamail. 'Sé ab t-ainm a bhí orra Risteárd Seóige agus Padraig Ó Suilleabhán as Durus. Ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a tháinig siolla gaoithe agus d'ionntuigh sé an bád bun os cionn. Bhí Risteárd indon snámh a dhéanamh acht ní raibh Padraig.
    Shnámh Risteárd isteach acht congbhuigh Pádraig greim ar na madaí rámhaí. Bhí go leór daoine ar an trágha acht ní raibh aon bád acu le dhul amach ag iarraidh an fhir eile. Bhí máthair Risteárd annsin freisin agus dubhairt sí leis nuair a bhí sé ag teacht isteach in aice leis an trá "farior" nach bhfuil tusa amach san áit atá an fear sin agus an fear sin in do áit sa.
    Ar an bpoinnte sin dimthigh Risteárd síos fen uisge agus bádhadh é. Tháinig an fear a bhí amuigh slán. Na fir a bhí ag an loc dubhairt siad go gcaithfeadh siad an bhean amach sa loch agus i a bháthadh mar gheall ar é sin a rádh le n-a mach acht d'fiafhruigh sí orra gan í a chaitheamh isteach agus níor chaith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe