Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 293
- XML “Toirneach agus Tintreach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim is trí bliadhna ó shoin bhí an toirneach agus teinntreach ann thosuigh sé ag a deich a chlog agus níor stop sé go dtí an dó dhéag nó in a dhiaidh. Bhí an teinntreach ann agus marach an méad baistighe a bhí ann bheadh go leor rudaí lasta aici. Bhí an bháisteach chomh trom sin is gur thug sí fataí agus coirce agus féar leithi. Bhí fear i léam ar b'ainm do Micheál Ó hAllamhráin agus bhí sé ina comhnuidhe in aice le abhainn. Bhí fataí aige ar bhruach na h-aibhne.
Bhí an báisteach chomh trom sin go ndeacaidh sé thar an bhruach agus thug sí go leor fataí leithi.
An oidhche sin freisin cuaidh an báisteach isteach i dteach i nGleann Trasna agus sé an t-ainm a bhí air na daoine seo Neachtanaigh. Líonadh an teach suas le uisge agus bhí an driosúr, an bord agus na cathaoireaca ag imtheacht ar bhárr an uisge. Níor chuala na daoine tada mar bhíodar imthighthe a codladh sa deireadh d'eirigh siad. D'imthigh siad go teach eile go dtí an maidin, mar níor fhéad siad fanacht in a dteach fhéin. Nuair a tháinig siad arais ar maidin níor aithne siad tada ar an teach acht go raibh sé bun os cionn.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Niadh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe