Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí ríogh i n-Éirinn uair agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Cailleadh an bhanríoghan go luath thar-éis an mac a bhreith agus bhí an-bhrón ar an rí. Nuair a bhí an mac deich mbliadhna phós an rí an dárna uair. Bhí an mac an-dona an tam sin mar ní thiubharfadh an leas-mháthair aon bhlas lé n-ithe dhó. Bhí leath an ríoghacht ag an mac, agus cheap an leas-mháthair go gcaithfeadh sé amach í, nuair a bhéadh sé bliadhain agus fiche d'aois. Bhí sí ag iarraidh an mac a chur chun bháis leis an ocras, ach níor éirigh leí. Aon lá amháin bhí an mac ac dul go dtí an pháirc in-a raibh an tarbh breac, agus é ag sgreadach leis an ocras. D'fiafruigh an tarbh dhó céard a bhí air, agus dubhairt sé go raibh sé ag fághail bháis leis an ocras. Chrom an tarbh síos a chloigeann agus dubhairt sé leis an mac an-t-arán a bhí idir a dhá adharc a bhaint aníos agus é a leagan ar an talamh agus a bheith ag ithe an aráin nó go mbhéadh tú tuirseac. Bhí an mac ag ithe go raibh a dhóthain ithte aige, annsin leag sé an t-arán san áit a bhfuair sé é. Bhíodh sé ag teacht go dtí an tarbh chuile (uaidh) uair dá mbhíodh ocras air, agus fá dheire bhí sé ag éirighe an-romhar. Ní raibh fhios ag an leas-mháthair cén áit a raibh an mac ag fághail an bheatha, agus nuair a fuair sí imthighthe amach é fhéin agus an rí, chuir sí fios ar chailleac feasa, agus d'fiafruigh sé [!] dhe cé'n áit a raibh an mac ag fághail an bhiadh. D'innis an bhean feasa dhe gur i gcloigeann an tairbh a bhí sé dhá fhághail. Dubhairt an bhean feasa leí go gcaithfeadh sí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Maitias Ó Céidigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanadh Gharráin, Co. na Gaillimhe