Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 026
- XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac gan Aon Deis Mhaireachtáil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé dhá ghine don fhear ar an gcapall. Agus bhí an bheirt aca lán tsásta in-a margadh fhéin. Ní raibh aon áit ag an mac le h-aghaidh na trí ghiní a chuir, agus sháith sé siar i gcluais an chapaill iad. Ní i bhfad a bhí sé ag imtheacht nuair a casadh fear leis agus thuit gine, aniar as gluais an chapaill. Chuaidh sé anuas de'n chapall ag tógál an ghine. Céard atá ort? arsa an fear uasal. Ó adeir sé, tuiteann gine aniar as cluais an chapaill seo go minic. Béarfaidh mé míle punt dhuit air adeir an fear uasal. Tá go maith a deir an fear óg. Fuair sé míle punt ar an gcapall, agus bhí sé lán tsásta. Nuair a chuaidh an fear uasal abhaile chuir sé an capall sa stábla, agus chuir sé fear ag faire an chapaill ar eagla go dtuitfadh aon ghine eile aniar as a cluais. Luigh an capall siar agus thuit an dá ghine eile aniar, acht níor thuit aniar acht an dá ghine. Nuair a dhúisigh an fear uasal ar maidin, agus fuair sé amach nar thuit amach acht an dá ghine bhí sé an-fheargach, agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé a chuid airgid a fhágháil ar ais arís. Nuair a chuaidh sé isteach i dteach na baintrighe. D'fiafruigh sé dhí cá raibh a mac tá sé imthighthe ag fiadhach. Acht dubhairt sí cuirfeadh mé teachtaire dhá iarraidh. Sgaoil sí coinín óg amach ó bhéal pota agus amach leis an doras dúnta. Ní bhfada bhí sé imthighthe amach nuair a tháinig an mac isteac agus coinín cosamhail leis aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. na Gaillimhe