Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 032
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gasúr ann fadó agus an t-ainm a tugadh siad air "Séan" agus chuaidh sé ar thóir oibre. Chuaidh sé ag obair i dteach agus an obair a bhí aige ag coinnéal caráin muice as gardhaí phlanndaí. Chuaidh muinntir an tíghe ag an Aifreann lá agus dfhág siad féasta ag "Séan". Nuair a bhí Séan ag ithe an féasta níor chuimhrigh sé ar an charáin. Chuaidh Séan amach agus bhí an charáin ins na planndaí. Do eaith sé cloch leis an gcaráin agus bhain sé bainbh aistí. Bhí faitchíos ar "Séan" agus d'imthigh sé. Bhí sé ag imtheacht leis go raibh sé in a oidhche agus casadh fear dó ag dul chuig an aonach. D'íarr an fear dhó cá raibh sé ag dul agus dubhairt sí go raibh sé ag dul ar thóir oibre. Dubhairt an fear an bhfeiceann tú an solus sin téigh annsin agus fan annsin go dtagadh mise abhaile. Teastuigheadh do léithidí uaim. Cuaidh sé go dtí an teach agus bhí fear eile istigh leis an mhnaoí agus bhí sé ag cur fiarthaine taobh amuigh. Níor mhaith leis an mhnaoí é a bheith istigh agus agus rug sí ar a chaipín agus do caith sí amach an chaipín. Is féarr liom mo chaipín a bheith amuigh ná mé féin. D'fhill an fear abhaile ón aonach mar bhí sé ag fearthainn go trom. Nuair a tháinig an fear isteach chuaidh an fear a bhí istigh leis an mhnaoí shiar faoí an leabaidh. Nuair a tháinig an fear isteach d'íarr sí ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Shlataraig
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Cheannaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe