Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear fadó sa tír seo agus bhí beirt mac aige. Thug sé spré don mac do b'oige agus dimthigh an buachaill eile go America. Ní i bhfad a bhí sé ann go raibh teach deas aige. Ar am dinnéir gac lá thagadh luch mór ar an mbórd ag ithe an mairtfheóil agus ní fhéadfadh sé a bhealaigh (mealladh) amach no go raibh a sáith ithe aige. Scríobh sé abhaile cuig athair in Eirinn agus dubhairt sé go raibh sé ag teacht abhaile agus gur díol sé an feirm. Táinic sé gan moill. Bhí dinnéar mór ag athair roimhe. Tug na daoine uaisle tar timpeall na h-áite bronntanas do. Bhí fear feasa ag teac a athair. Bhí sé in aice na teine agus deatach ag dul in a béal. Dubhairt an fear óg leis a dul go dtí an taobh eile don teac agus nac mbeadh an deatach in aghaidh. Bfeidir gurb fearr é a beith in m'agaidh na ar mo chúl adeir an sean fhear leis. Bhfuil brontannais ar bith le tabhairt agam, adeir an fear óg, tá cuile duine ag tabairt brontanais dom. Níl tada agam acht an cat beag seo agus tuibarfadh mé duit é, bfeidir go mbeadh se usaideac duit é. Nuair a bhí cuile sórt criunnuighthe aige d'imthigh leis abhaile go hAmerioca arís. Nuair do sroich an fear óg Amerioca tóg sé mí ortha an luing a follamhú as beidhthig agus capaill agus cuile sort ainmhidhthe a tug
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Treasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    76
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe